Monthly Archives: March 2017
Is breá linn a bheith ag gléasadh suas do Lá na Leabhar! An féidir leat aon cheann de na carachtair seo a ainmniú?
A chairde, caithfidh mé a rá go ndearna rang a 1 an-iarracht i mbliana do Lá na Leabhar. Seo thíos roinnt pictiúirí dóibh.
Bhí lá álainn againn do Lá na Leabhar an Aoine seo chaite! Ghléasamar suas mar charachtair ó na leabhair is fearr linn. Tháinig rang Múinteoir Síle isteach chun leabhair a léamh dúinn agus léamar ár leabhair léitheoireachta dóibh!
Bhí muid ag foghlaim faoi análú agus na scamhóga. Rinne muid macasamhail de na scamhóga agus an scairt le taispeáint cén choi a oibríonn análú i do cholainn!
Ghlac na Iaguair páirt sa gcómórtas réigiúnda Spikeball inné. D’éirigh thar cionn leo agus anois tá said tríd go dtí an babhta ceannais uile-Éireann! Beidh said ag imirt ar son na scoile in Ollscoil Luimnigh ag deireadh mhí an Mhárta!
Tháinig roinnt d’ár gcuid iarscoláirí ar cuairt chugainn le déanaí le rud an-speisialta a thaispeáint dúinn. Tá na buachaillí anois mar scoláirí i gColáiste an Eachréidh agus bhain said éacht amach le déanaí – bhuaigh said Craobh na hÉireann sa Spikeball, le foireann déanta suas beagnach ar fad d’iarr-imreoirí […]