Thug naíonáin bheaga faoi thurgnamh eolaíochta inniu chun fáil amach an bhfuil nó nach bhfuil fabraic, scragall stáin, páipéar agus plaisteach uiscedhíonach. D’oibríomar inár ngrúpaí sóisialta mar is gnáth:
Yearly Archives: 2015
Seo chugaibh banna ceoil na scoile 2015/2016. Beidh ceol traidisiúnta Gaelach/ceol clasaiceach/pop/ snagcheol agus go leor stíleanna eile á chasadh ag an ngrúpa i mbliana. Ach níl aon ainm againn don ghrúpa fós…aon smaointe???
Chuaigh Rang 3 chuig an leabharlann i mBaile Locha Riach chun seó de chuid Tadhg Mac Dhonnagáin a fheiceáil. Bhí lá iontach againn agus bhí an ceol agus na rannta thar a bheith suimiúil agus taitneamhach. Chan na páistí amhráin nua chumtha( scríofa ag Tadhg é fhéin) agus amhráin traidisiúnta, […]
Mar chuid de cheacht OSPS (Oideachas Sóisialta,Pearsanta agus Sláinte), rinne seomra na naíonán beag (rang Múinteoir Maria) míreanna mearaí i ngrúpaí. Chabhraigh sé seo go mór linn a bheith ag comhoibriú lena chéile agus bhíomar an-bródúil as na míreanna mearaí:
Tá rang M. Brian tar éis físeán a dhéanamh le haghaidh an comórtas “Reel Life Science”. Is beochan nó “stop motion animation” é. Ta an fhuaim curtha leis anois freisin! Our video for the “Reel Life Science” competition – now with sound! [media id=83]
Mar chuid de Chroí na Scoile d’fhoghlaim rang Múinteoir Maria faoin Athbhliain Giúdach inniu. D’itheamar úlla agus mil mar a itheann na Giúdaigh chun Rosh Hashanah a cheiliúradh.
D’fhoghlaim naíonáin bheaga (rang Múinteoir Maria) na focail ‘cailín’ agus ‘buachaill’ an tseachtain seo. Dár ndóigh, is fíor annamh nach mbíonn na buachaillí agus na cailíní le chéile.
Bímid ag comhoibriú lena chéile i seomra na naíonán chun pictiúir mhóra agus cinn bheaga a rangú. Chomh maith leis sin, ghearramar amach pictiúir agus scoilteamar iad de réir dath mar is féidir a fheiceáil ar bhalla an tseomra ranga.