Yearly Archives: 2015
Tá muid ar bís an tseachtain seo ónar chuala muid scéal iontach – cuireadh ár bhfíseán ar an ngearrliosta don chomórtas Reel Life Science! Beidh moltóirí an chomórtais ag brathnú ar 5 fhíseán ó bhunscoileanna ar fud na tíre – ár bhfíseán san áireamh – chun buaiteoir a roghnú. Agus […]
Fuair muid brontannas iontach le deanaí ó Acorn Life – 20 ríomhaire glúine athchóirithe! Tá muid fíorbhuíoch agus ag súil go mó le húsáid a bhaint astu! We got a great donation from Acorn Life recently – 20 refurbished laptop computers! The school is very grateful for the generous donation […]
Bhí Seachtain Mata ar siúl le déanaí agus tháinig cuairteoirí difriúla isteach chun labhairt linn faoin mbealach a úsáidtear Matamaitic ina gcuid jabanna féin. Tháinig beirt tuismitheoirí, Kevin agus Simone, isteach le hotharcharr! Thaispeáin siad cén chaoi cuisle croí a chomhaireamh, ansin lig siad dúinn breathnú isteach san otharcharr!
Bhí lá den scoth againn i seomra na naíonán beag Dé hAoine seo caite nuair a tháinig na páistí ar scoil le hataí mata mar chuid de sheachtain mhata. Féach thíos ar na hataí cruthaitheacha ag rang Múinteoir Maria:
Le déanaí bhí muid ag foghlaim faoin bhFómhar sa seomra ranga. Phéinteáil na gasúir crainn agus na duilleoga ag titim agus d’úsáid siad dathanna an Fhómhair chun na duilleoga a phéinteáil. An bhfuil a fhios ag éinne céard iad míonna an fhómhair? Cén t-éan a fhágann agus a théann go […]
Cúpla seachtain ó shin thosaigh na gasúir ag imirt iomaíochta. Tá siad fós ag obair ar na bun scileanna agus leis an fhirínne a rá tá feabhas mór ag tagtha orthu agus is gear go mbeidh siad thuas ar an páirc ag imirt in aghaidh a chéile.
An tseachtain seo caite mar chuid den tseachtain mata rinne na gasúir a gcuid hataí mata féin agus chaith siad ar scoil iad. Rinne siad ar fad sár-iarracht lena gcuid hataí.