D’fhoghlaim naíonáin bheaga (rang Múinteoir Maria) faoin lá agus an oíche inniu. Chuireamar pictiúir de ghníomhaíochtaí lae agus de ghníomhaíochtaí oíche le chéile i ngrúpaí. Anois, tá toradh ár saothar le feiceáil ar an mballa sa seomra ranga.
Yearly Archives: 2015
114 posts
Bhí rang a 3 ag peinteáil an tseachtain seo caite. Bhí sé bunaithe ar Vincent Van Gogh -Péintéir Iar-impriseanaíoch. Nach ndéarfá go bhfuileadar chomh maith le Van Gogh? Maith sibh
Tá rang M. Brian ag foghlaim cén chaoi leadóg a imirt le haghaidh Corpoideachas. Seo cúpla pictiúr ón gcéad lá a bhí muid ann – lá deas grianmhar a bhí ann!
Tá muid ar bís gur shroich foireann an chontae Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann agus guíonn muid gach rath orthu ar an Domhnach. Ádh mór a leaids!
Thosaigh rang nua de naíonáin bheaga linn inné agus táimid ar fad sceitimíneach faoin mbliain amach romhainn: