An tseachtain seo caite bhí an scipatón againn sa scoil. Bhain muid an-taitneamh as. Chomh maith leis sin ghlac muid páirt i gceardlann scipeála agus d’fhoghlaim muid go leor cleasanna nua a d’fhéadfadh muid a úsáid agus muid ag scipéail.
Yearly Archives: 2015
Faoi láthair tá muid páirteach san scéim Gaiscígh an Bhia. Tá muid ag iarraidh déanamh cinnte go bhfuil gach duine ag ithe lón sláintiúil agus go bhfuil muid ag coinneál an Fórsa Beatha láidir. Breathnaigh thíos ar roinnt de na boscaí lóin a bhí le feiceáil san seomra ranga ag am […]
Maith sibh a chairde Ghlasa! Tá an t-eolas seo bailithe ag an gCoiste Glas. Céard a insíonn sé dúinn mar gheall ar an úsáid gur bhain muid as leictreachas ar scoil?
Tá an Coiste Gaelbhrataigh an-bhuíoch do na teaghlaigh ar fad a chuir freagraí chugainn. Seo thíos na torthaí léirithe i ngraif. Tá tuilleadh moltaí maithe ag an mbun… Chabhródh nascanna fuaime ar bhlag le daoine atá ag foghlaim na nathanna ón nuachtlitir. Bheadh sé go deas grúpaí tuismitheora a bhunadh […]
Tá ár gcuid scileanna comhoibrithe ag feabhsú gach seachtain. An tseachtain seo, thosaíomar ar ár n-uimhirscéalta ealaíonta. Is breá linn a bheith ag péinteáil le chéile. An tseachtain seo chugainn, táimid chun pictiúir a tharraingt thart timpeall ar na huimhreacha agus iad a chrochadh ar an mballa.
Seiceáil amach ‘Scéal an Lae’ ar http://www.tg4.ie …scéalta Gaeilge á léamh ag aisteoirí agus scríbhneoirí! Check out Irish storybooks being read on the tg4 website by Irish actors and writers… Scéal an Lae
Shocraigh tuismitheoir leabhair a cheannach ar líne. Roghnaigh siad trí rud: Luan agus an Mórphianó, Pacáiste Niotú agus An Leon, An Bandraoi agus an Prios Éadaigh. Cé mhéad a d’íoc siad san iomlán?
Bhí muid ag foghlaim faoi achar an tseachtain seo. Chuaigh muid amach agus thomhas muid fad agus leithead na cúirte eitpheile, agus a lán áiteanna eile. Ansin, d’iolraigh muid fad faoi leithead chun an t-achar i M² a fháil. Seo dhá chruth neamhrialta – an féidir leat achar na […]