Bhí go leor aíonna speisialta i nGaelscoil Riabhach i mí Aibreáin mar chuid d’Aíonna Aibreáin eagraithe ag an gcoiste gaelbhrataí. Tháinig an Dr John Caulfield ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh chugainn chun labhairt faoi thionscadal pearsanta a thug sé faoi ag dreapadh na sléibhte is airde i ngach contae in Éirinn. Bhí an oiread sin spéise ag rang 4, 5 agus 6 ann.
Tháinig Cathal Ó Conaire ó Indreabhán chugainn ag labhairt faoina thuras dochreidte chuig na hOileáin Galapagós. Labhair sé faoi ainmhithe agus bhí go leor ceisteanna ag rang 4, 5 agus 6.