Nuair a tháinig Naomi ó Dr How’s Science Wows isteach i rith Sheachtain Eolaíochta, rinne muid an físeán seo. Meascán d’uisce agus gránphlúr atá ann, féach céard a tharlaíonn dó nuair a bhíonn fuaim láidir curtha leis! [media id=80]
Monthly Archives: May 2015
Comhghairdeas lenár gcairde ó Ghaelscoil Bhaile Brigín. Bhaineadar ‘chuile duais leo inniu ó Bhaile Locha Riach go Baile Átha Cliath. Ag súil leis an mbliain seo chugainn cheana. An-bhuíoch don choiste buí, do Ghaeilge Locha Riach agus do Jessica agus d’Eoin a chuidigh linn le moltóireacht.
Bhí go leor aíonna speisialta i nGaelscoil Riabhach i mí Aibreáin mar chuid d’Aíonna Aibreáin eagraithe ag an gcoiste gaelbhrataí. Tháinig an Dr John Caulfield ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh chugainn chun labhairt faoi thionscadal pearsanta a thug sé faoi ag dreapadh na sléibhte is airde i ngach contae in […]
Mar chuid d’Aíonna Aibreáin eagraithe ag an gCoiste Gaelbhrataí, tháinig an réalt teilifíse Muireann Ní Chíobháin ó RTÉ Junior ar cuairt chuig naíonáin bheaga. Bhí sí ag canadh agus ag damhsa linn. Bhí na naíonáin sceitimíneach buaileadh léi.
Déardaoin seo caite, thug naíonáin bheaga cuairt ar an gclós súgartha i mBaile Locha Riach. Ar an mbealach ann, bhreathnaíomar ar chomharthaí an Earraigh timpeall orainn. Táimid ag súil go mór le geábh ar thabhairt air arís!