Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Aíonna Aibreáin

Táimid sceitimíneach faoi ‘Aíonna Aibreáin.’ Inné, bhí an Dr Anna Nic Con Iomaire agus an teiripeoir urlabhra Carmel Ní Chualáin ar cuairt chuig rang a 1, rang a 2 agus rang a 3 i nGaelscoil Riabhach. Chuir siad tús leis an gcéad bhliain ‘d’Aíonna Aibreáin’ sa scoil. I rith na míosa, beidh aíonna spéisiúla le gaeilge ag tabhairt ceardlanna do na páistí faoina spéiseanna agus a bpoist.

Táimid ag déanamh ár ndícheall ar son na Gaeilge agus ag súil go mór le gaelbhratach shnasta chorcra a bhaint amach don scoil.

photo 1 (20) photo 1 (19)uisce páisí

Amárach, beidh Muireann Ní Chíobháin ó RTÉ Junior ag tabhairt cuairt ar na páistí i naíonáin bheaga agus i naíonáin mhóra.

Muireann

 

%d