An tseachtain seo tá na daltaí ag foghlaim faoin Seachtain Mhór. Tharraing Sarah i rang Dora an léaráid seo chun cuimhniú ar laethanta na Seachtaine Móire agus na rudaí a tharla ar na laethanta éagsúla:
Monthly Archives: March 2015
Rinne muid clár raidió nua le cur isteach sa chomórtas Clár Raidió do Sheachtain na Gaeilge! “An Meaisín Ama” an teideal atá air. Rinne Uncail Peadar meaisín ama as sean-tarracóir agus anois tá Seán agus Áine ag dul leis trí Stair na hÉireann chun cabhrú lena gcuid obair bhaile staire!
Chuaigh muid amach ar an Aoine chun urú na gréine a fheiceáil. Bhí sé ceomhar agus an-dorcha thart ar 9.30. Ansin, bhí an t-ádh linn – laghdaigh an ceo go dtí go raibh sé tanaí go leor an ghrian a fheiceáil tríd! D’úsáid muid déshúiligh (binoculars) ansin nuair a bhí sé […]
Thug muid cuairt ar an Mainistir i mBaile Locha Riach inné. Bhuail muid leis an Athair Liam Ó Móráin. Tugadh ar thuras timpeall na mainistreach muid. Thaitin an sean-mhainistir (a tógadh thart ar 1300 AD) linn agus an leabharlann sa mhainistir nua (a tógadh i 1645). Seo níos mó pictiúir […]
Bhí bua iontach ag Gaelscoil Riabhach sa chomórtas réigiúnach eitpheile ar an Máirt! Tar éis comórtas na Gaillimhe a bhuachaint cúpla seachtain ó shin, lean foireann na mbuachaillí ar aghaidh go dtí an comórtas réigiúnach. Bhí foirne eile ó chontaetha Maigh Eo, Ros Comain, an Iarmhí agus eile ag glacadh […]
Roinnt seachtainí ó shin bhí lá mór againn sa scoil áit go ndearna muid ceiliúradh ar na scileanna éagsúla atá againn ar fad. Seo roinnt pictiúir ón lá sin. Bhain muid an-taitneamh as a bheith ag éisteacht le daoine ag seinm ceoil, ag breathnú ar dhaoine ag déanamh cúpla céim […]
Seo roinnt póstaer a rinne na gasúir le déanaí bunaithe ar na seanfhocail le linn seachtain na Gaeilge. Is breá leo a bheith ag tarraingt agus ag foghlaim nathanna nua cainte.