Yearly Archives: 2014
Tá cabhair uainn. An bhfuil d’áit chónaithe ar an léarscáil seo? Mura bhfuil an bhféadfá teachtaireacht a scríobh thíos.
Léiríonn an chairt seo (picteagraf) an cineál mhodh taistil a bhí ag páistí ar maidin inniu i nGaelscoil Riabhach. Seasann gach pictiúir de pháiste do chúigear pháiste. Ceisteanna le freagairt: (a) Cé mhéad páistí a shiúil ar scoil ar maidin? (b) Cé mhéad páistí a tháinig i gcarranna sa bhreis […]
Thosaigh na naíonáin ar fad ar ‘Aistear’ inniu. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid ag caitheamh ár gcuid ama ag súgradh agus ag foghlaim ag an am céanna. Bhí sé seo i gcónaí ar siúl againn ach tá tuilleadh saoirse againn anois. Bíonn na múinteoirí ag súgradh freisin (mar is ceart). […]
D’éirigh go hiontach leis an Seó Samhna i mbliana. Bhí na Naíonáin go hálainn ag canadh agus thaitin an ealaín agus an dráma agus an seó puipéad go mór leis an lucht féachana!
An bhliain seo caite bhí muid an-gnóthach sa ghairdín scoile. Cúpla lá ó shin bhí muid amuigh san ngairdín scoile agus bhain muid na glasraí a bhí curtha againn. Breathnaigh thíos ar na glasraí a bhain muid.
Críochnaigh na seanfhocail agus na samhailtí seo: (a) Ba i ________________ a tógadh na caisleáin. (b) Bhí sí chomh leice le ______________. (c) ________________ ciaróg ciaróg eile. (d) Bhí muid chomh tuirseach le _______________. (e) Dá mbeadh soineann go Samhain ann bheadh púic ar ____________. (f) Is minic a baineadh […]
Dhá cheist an tseachtain seo arís. Féach ar na bratacha thíos. 1. Cén tír gur leo iad? 2. Cén codán de gach bratach atá glas? (Tá bratach amháin níos deacra…ach déan meastachán). Freagraí le cur síos mar reponses …duais mhór don cheann seo i ndiaidh na Samhna. a b c […]
An t-seachtain seo bhí muid an-gnóthach ag obair ar Mhata. Rinne muid roinnt obair ar “Target Boards”. D’éirigh go hiontach leis na páistí.