An tseachtain seo caite, chruthaíomar patrúin le dathanna. An tseachtain seo, táimid á dhéanamh le cruthanna agus rudaí éagsúla agus tá ag éirí an-mhaith linn:
Yearly Archives: 2014
Is breá linn ár stáisiúin mhata i seomra na naíonán. An tseachtain seo bhíomar ag críochnú agus ag cruthú patrún. Ar ndóigh, bhíomar an-bródúil as ár saothair:
An féidir libh na focail seo a mheaitseáil leis na pictiúir thuas. Ná fág ceann ar bith ar lár: Tréanphlanc,Fonsa,Feall,Cúirt,Preabphas,Aisphreabadh,Saorchaitheamh, Duine-ar dhuine,Goideadh,Tosaithe/Cúlaithe,Casadh sclóine,Druibeáil.
Chabhraigh roinnt de na Naíonáin le Daidí na Nollag na soilse a lasadh i mBaile Locha Riach ag deireadh na seachtaine. Rinne siad jab iontach!
Maidin inné bhí na páistí an-gnóthach ag déanamh ealaíon. Rinne siad an-obair, agus d’úsáid siad dathanna álainn chun na pictiúir a phéinteáil.
Le déanaí tá an-chuid oibre déanta againn ar chumadh abairtí agus scéalta. Seo roinnt pictiúr do na páistí ag tabhairt faoi na habairtí.
Coicís ó shin, bhí eolaí as Ollscoil na Gaillimhe linn ag déanamh ceardlann linn ar fhuaim. Bhain na páistí ar fad an-sult as an gceardlann.
Tá trí lítear bhainne agam. Má fhaighim gloiní ½ lítear cé mhéad gloiní a bheidh mé in ann a líonadh? Freagraí le cur thíos.