Chabhraigh roinnt de na Naíonáin le Daidí na Nollag na soilse a lasadh i mBaile Locha Riach ag deireadh na seachtaine. Rinne siad jab iontach!
Monthly Archives: November 2014
Maidin inné bhí na páistí an-gnóthach ag déanamh ealaíon. Rinne siad an-obair, agus d’úsáid siad dathanna álainn chun na pictiúir a phéinteáil.
Le déanaí tá an-chuid oibre déanta againn ar chumadh abairtí agus scéalta. Seo roinnt pictiúr do na páistí ag tabhairt faoi na habairtí.
Coicís ó shin, bhí eolaí as Ollscoil na Gaillimhe linn ag déanamh ceardlann linn ar fhuaim. Bhain na páistí ar fad an-sult as an gceardlann.
Tá trí lítear bhainne agam. Má fhaighim gloiní ½ lítear cé mhéad gloiní a bheidh mé in ann a líonadh? Freagraí le cur thíos.
Bhí an-spéis go deo ag na naíonáin san eolaíocht. D’éirigh linn fuaimeanna éagsúla a chruthú agus fiú, fón baile a chruthú:
Ar an traen go Baile Átha Cliath chun ár dara brat buí a fháil…Ha ha tá sibh ar scoil. An bhfuil an obair go deas? 🙂
Agus an spásárthach Rosetta ag foghlaim faoi choiméad 67P, d’fhoghlaim muid a lán an tseachtain seo faoi spás. Seo cúpla pictiúr a phéinteáil muid de roinnt de na daoine agus rudaí a d’fhoghlaim muid faoi. An féidir leat iad ar fad a ainmniú?
Tá muid ag foghlaim faoi chodáin faoi láthair. An raibh a fhios agat gur féidir leat foghlaim faoi chodáin le Lego? Féach ar an chéad pictiúr – tá aon aonad, 1/2 1/4 agus 3/4 léirithe i Lego. Cé na fadhbanna atá ann? Scríobh amach iad! Agus cén codáin é an […]
Beidh an Coiste Buí ag dul go Baile Átha Cliath Dé Máirt seo chugainn chun an dara bhrat buí a bhailiú. Beidh muid ag fágáil Bhaile Áth an Rí ag 7.47am. Thuas tá amchlár den turas traein a bheidh againn. An féidir leat na ceisteanna thíos a fhreagairt: a. Buncheist: […]