Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Fadhb Mhata….ón gCoiste Buí

traen

Beidh an Coiste Buí ag dul go Baile Átha Cliath Dé Máirt seo chugainn chun an dara bhrat buí a bhailiú. Beidh muid ag fágáil Bhaile Áth an Rí ag 7.47am. Thuas tá amchlár den turas traein a bheidh againn. An féidir leat na ceisteanna thíos a fhreagairt:

a. Buncheist: Cé mhéad stadanna a bheidh againn idir Baile Áth an Rí agus Baile Átha Cliath?

b. Meán cheist: Cén fad ama a thógann sé taisteal ó Bhaile Áth Luain go Cúl an tSúdaire?

c. Ard cheist: Má fhágann an traein Baile Áth an Rí ag 7.47am agus má shroicheann sé Baile Átha Cliath in am cén meánluas a rinne sí? Is é 190km an fad idir an dhá stáisiún.

(Déan cinnte de go bhfuil na haonaid cearta ag do fhreagra: (u) uair, (n) noiméad (km/u) Ciliméadar san uair)

%d bloggers like this: