Tá cailíní agus buachaillí ó rang 3-6 ag glacadh páirte i lúthchleasaíocht faoi láthair. Rith siad i rásaí trastíre i mBaile Locha Riach agus sa Rinn Mhór. D’éirigh le Ally agus Ciagán dul tríd chuig an gcéad bhabhta eile i Rinn Mhór! Comhghairdeas libh ar fad!
Monthly Archives: September 2014
Bhí muid ag foghlaim faoin bhFómhar an mhí seo agus thug Kaylagh agus Tara duilleoga agus cnónna ón gcrann cnó capaill ar scoil! Chuaigh muid ar siúlóid timpeall na scoile ag bailiú duilleoga freisin! D’fhoghlaim muid faoi Rosh Hashanah sa Chroí Scoile. Shéid muid an shofar, agus d’ith […]
Tháinig duine d’ár daltaí ar na beacáin seo sa Choill Bhreac ag an deireadh seachtaine. Cén t-ainm atá orthu? An bhfuil siad sábháilte?
Tá muid ag foghlaim cén chaoi cluichí agus físeáin a dhéanamh le Scratch. Tá na páistí ag foghlaim óna chéile agus ag baint an-spraoi as. I gceann cúpla seachtaine, cuirfidh muid ár gcluichí suas ar an mblag! Freisin, beidh muid ag glacadh páirte i “Code Week” i mí Deireadh Fomhair! […]
Bhí balla ann le 24 bríce. Cuireadh péint bán ar trí bhríce. Cén codán den bhalla a bhí bán ansin? (Ní chabhraíonn an pictiúr thuas….tarraing do phictiúr féin)
Faoi láthair tá muid ag breathnú ar seanscéal dar teideal “Mac Rí Éireann agus Iníon Rí na Gréige”. Rinneadh taifead ar an scéal seo sa bhliain 1930 agus tá sé le cloisteáil ar an suímh doegen.ie maraon leis na céadta píosaí eile as Gaeilge. Mar gheall ar go bhfuil deireadh […]