Monthly Archives: October 2013
Bhí mí álainn againn i seomra na naíonán. Bhí go leor béime ar an tábhacht a bhaineann le bheith ag roinnt le chéile agus le bheith ag oibriú as lámh a chéile an mhí seo. Chabhraigh na naíonáin go mór lena chéile: Ag gléasadh suas agus ag spraoi le chéile. […]
Tháinig páiste isteach inniu le rud suimiúil le cur faoinár micreascóp – bolb (caterpillar) beag bídeach! Bhí sé chomh beag sin go raibh sé deacair é a fheiceáil – seo grianghraf de in aice le bonn 1c chun a thaispeáint cé chomh beag is atá sé! Ach faoin micreascóp breathnaíonn […]
Ar an Aoine thug na páistí isteach na hataí mata a bhí curtha le chéile acu sa bhaile mar chuid den obairbhaile. Rinne siad ar fad sár-jab.
Inné thug na páistí cuairt ar an leabharlann áitiúil. Bhuail siad leis an scéalaí Maitiú ansin. D’éist siad le trí scéal difriúil uaidh. Bhain siad an-taitneamh as.
D’úsaid muid ceamara micreascópach Mhúinteoir Brian chun pictiúr a ghlacadh de rud éigin atá coitinne go leor timpeall orainn. Céard é fhéin meas sibh?
Tá Rang Mhúinteoir Pól mar shaineolaithe anois ar Stair na hÉireann idir 1910 agus 1920…..Tharla go leor sna blianta sin go hidirnaisiúnta, go náisiúnta agus go háitiúil. Tá muid ag iarraidh cloisteáil faoi éinne sa scoil a bhfuair gaolta leo bás le linn na tréimhse seo nó ar ghlac gaolta […]
Chuaigh muid ar tóir níos mó eolais faoi mhuintir Thomas J. Smyth a chailleadh sa gCéad Cogadh Domhanda. Tháinig muid ar leac eile a bhí curtha in airde ag a mháthair (Mary Smyth) in ómós d’athair Alexander Smyth. Fuair Alexander Smyth bás agus é fós óg. Bhí sé ag obair […]
Chuaigh Rang Mhúinteoir Pól ar chuairt ar reilig na leabharlainne. Ghlac muid griangrafanna de leaca suimiúla…. Baineann an dara ghriangraf le fear óg ó Bhaile Locha Riach a tháinig abhaile gortaithe ón gCéad Cogadh Domhanda agus a chailleadh i mBaile Locha Riach i 1918 tamaillín ina dhiaidh sin.