Tá áthas an domhain orainn mar gheall ar an gcomórtas Sheachtain na Gaeilge “Clár Raidió” a bhuaigh muid – rinne muid a lán oibre air agus tá muid an-bhródúil an comórtas mór seo a bhuachaint! We are delighted to have won the Seachtain na Gaeilge Best Radio programme competition again […]
Monthly Archives: April 2013
Mata/ Táblaí www.oswego.org/ocsd-web/games/mathmagician/mathsadd.html www.theschoolhub.ie/sample.php www.oswego.org/ocsd-web/games/mathmagician/mathssub.html www.ilearn.ie www.woodlands-junior.kent.sch.uk/maths Litríocht/Litriú www.woodlands-junior.kent.sch.uk/literacy/ www.ictgames.com/lcwc.html
Fuair muid nuacht iontach tráthnóna – bhuaigh Gaelscoil Riabhach an comórtas náisiúnta Chlár Raidió do Sheachtain na Gaeilge Rang 5/6! Is iontach an nuacht é, agus tá sé tuillte go maith ag na páistí a scríobh agus a rinne taifead ar an gclár. Seo í an dara bliain as a […]
Ba sheachtain mhór spóirt í i nGaelscoil Riabhach – sacar ar an Máirt, cluiche iománaíochta ar an Aoine agus ar an gCéadaoin bhí an comórtas Lúthchleasaíochta Manning ar siúl. Is comórtas bliantiúil idir scoileanna áitiúla é seo, agus i mbliana bhí 12 scoil páirteach ann. Glacann páistí ó gach rang […]
D’fhoghlaim muid faoi mheáchan sa Mhata an tseachtain seo caite. D’úsáid muid meá agus láimhseáil muid píosaí plaisteacha a raibh 1g, 5g, 10g agus 20g. Bhí na píosaí 1g an-éadrom! Mhothaigh muid rudaí lenár lámha le rá cé acu is troime, agus ansin rinne muid seic leis an meá.
Bhí an comórtas sacair FAI ar siúl i nGaillimh inné. Ghlac buachaillí agus cailíní Rang 5 agus 6 páirt ann agus d’éirigh go hiontach leo. Bhuaigh na buachaillí na cluichí ar fad ina ngrúpa! Bhí lá iontach againn ar fad.
Rinne muid stáisiúin sa mhata inniu. Bhí meascán de ghníomhaíochtaí ann ar nós focail abairtí, cluichí ríomhairí agus cluiche cuimhne. Bhí siad ar fad an gnóthach ag iarraidh a gcuid cluichí féin a chríochnú.