http://www.galwayscience.eventbrite.com/ Dé Domhnaigh seo chugainn beidh an t-imeacht seo thuas ar siúl. Is fiú go mó cuairt a thabhairt air. Next Sunday sees the Galway Science Festival taking place. Info on link above. It is well worth a visit.
Monthly Archives: November 2011
Humptaí Dumptaí Bhí Humptaí Dumptaí thuas ar an mballa, Shéid an ghaoth ‘s thit sé ar an talamh. Tháinig amach an tseanbhean liath, ‘S nuair a chonaic sí Humptaí ina luí, “Anois”, a deir sí, “ní fhéadfadh an rí”, Ná a bhfuil de shaighdiúirí faoi, É a chur le chéile […]
Beidh Margadh na Leabhar ar siúl an tseachtain seo. Beidh fáilte mhór roimh thuismitheoirí teacht agus leabhair a cheannach ar an Déardaoin idir 1.30 agus 5. Beidh cead ag na páistí leabhair a cheannach ar an gCéadaoin. Bookfair will take place this week. Parents are welcome to come and buy […]
Tháinig an coiste nua le chéile inniu agus thugadar faoi chlár mór a phlé. Toghadh na hoifigigh seo a leanas: Macaomh/ Tanáiste: Eva agus Mylie, Rúnaí: Eoin, Cisteoir: Jewel, Oifigigh Eolais: Jodi agus Jessi. Tá na rudaí seo á phlé acu faoi láthair: Plean Bliana/ Suirbhé a dhéanamh don Bhrat […]
Roghnaigh an postaer gur fearr leatsa agus scríobh freagra ag an mbun. ‘responses’ Sampla: Is fearr liom pictiúr a 4 mar gur aoibhinn liom na dathanna atá ann.
Seachtain na hEolaíochta atá ann agus tá neart imeachtaí eolaíochta ar siúl timpeall na scoile. Chuir muid síolta inniu. Ach níl siad ar fad mar an gcéanna. Tá roinnt síolta gan uisce, síolta gan solas, síolta gan teas (sa gcuisneoir!) agus síolta gan chré fiú (ar pháipéar). Meas tú céard […]
Chuaigh Múinteoir Pól chun na hÍsiltíre chun nascanna a chothú don scoil le scoileanna Eorpacha eile. Tá nasc tosnaithe againn le scoileanna i mBaile Átha Cliath, An Chróit, An Bhulgáir, An Tuirc, An Spáinn agus an Ungair. Beidh tuilleadh eolais agus beannachtaí ón ár gcairde nua le léamh ar an […]