Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Rannta

Humptaí Dumptaí

Bhí Humptaí Dumptaí thuas ar an mballa,

Shéid an ghaoth ‘s thit sé ar an talamh.

Tháinig amach an tseanbhean liath,

‘S nuair a chonaic sí Humptaí ina luí,

“Anois”, a deir sí, “ní fhéadfadh an rí”,

Ná a bhfuil de shaighdiúirí faoi,

É a chur le chéile arís mar a bhí.”

 


 

 

 

Froganna

Froganna beaga glasa,

Froganna beaga buí,

Froganna beaga glasa,

Is Mamaí ina suí,

Daidí Frog ina sheasamh,

Is maide ina lámh,

Ag múineadh do na froganna,

Cén chaoi le snámh.

 

 

Lámh, Lámh Eile

Lámh, lámh eile, a haon, a dó.

Cos, cos eile, a haon a dó.

Súil, súil eile, a haon, a dó.

Cluas, cluas eile, a haon, a dó.

Ceann, srón, béal is smig,

Is fiacla bána im’ bhéal istigh.

Cúigear Fear

Cúigear fear ag tógáil tí,

Ag tógáil tí

Ag tógáil tí

Cúigear fear ag tógáil tí-

Shuigh fear síos is lig sé a scíth!

 

Ceathrar fear ag tógáil tí,

Ag tógáil tí

Ag tógáil tí

Ceathrar fear ag tógáil tí-

Shuigh fear síos is lig sé a scíth!

 

Triúr fear ag tógáil tí,

Ag tógáil tí

Ag tógáil tí

Triúr fear ag tógáil tí-

Shuigh fear síos is lig sé a scíth!

 

Beirt fhear ag tógáil tí,

Ag tógáil tí

Ag tógáil tí

Beirt fhear ag tógáil tí-

Shuigh fear síos is lig sé a scíth!

 

Fear amháin ag tógáil tí,

Ag tógáil tí

Ag tógáil tí

Fear amháin ag tógáil tí-

Shuigh sé síos is lig sé a scíth!

 

%d bloggers like this: