Bhí Féile Raifteirí ar siúl le déanaí agus neart imeachtaí ar siúl go háitiúil in onóir don fhile Raifteirí. Caitheann Raidió Riabhach súil siar ar an bhféile leis an bPodchraoladh seo ina bhfuil agallamh speisialta le File na Féile na bliana seo, Gabriel Rosenstock, agus neart rudaí eile! Cliceáil anseo – […]
Monthly Archives: March 2011
Rinneamar staidéar le déanaí ar ghnéithe éagsúla de na meáin cumarsáide . Féachaigí ar na samplaí de pháipéir nuachtáin a rinneamar (bunaithe ar an téama ‘Crith Talún sa tSeapáin).
D’fhás ár sicíní go mór ó chuireadh go Conamara iad le Múinteoir Áine. Seo chugaibh cupla ghraingraf dóibh ina dteach nua.
Tá ardmholadh tuillte ag na hiománaithe a bhí amuigh ar son na scoile inniu in aghaidh Chill Chúile. Bhí caighdeán an-ard ag an bhfoireann eile agus d’éirigh thar cionn lenár bhfoireann. Ag leath-ama bhí muid 6 chúilín gann orthu agus tharraing muid iad ar ais go comhscór agus ansin chuaigh […]
Naomh Pádraig, le Jack Rang IV Seo an lá ina bhfuil dath ghlas ar mo thaobh deis ‘s mo thaobh chlé. Bíonn seamróg á chaitheamh ag chuile duine. Paráid ar an sráid, ‘s Gaeilge i mbéal an phobail Cinnte – Lá le Pádraig atá ann! .
Beidh muid ag obair go luath ar an gcéad podchraoladh eile de chuid Raidió Riabhach. Tá fáilte roimh bhur gcuid smaointí maidir le céard a bheas mar ábhar an phodchraolta – Cárta Glas sa mbreis don chéad páiste ó Rang M. Brian a fhreagraíonn le plean maith – ach ba […]
Bhí muid ar fad ag breathnú ar an mórshiúil le haghaidh na féile. Rinne na Naíonáin Bheaga comhdháil ghréasáin le scoil i Philadelphia, Meiriceá agus ghlac Rang a 3 agus Rang a 4 páirt sa pharáid. Seo roinnt phictiúir a tharraing na Naíonáin faoin lá mór.
Bhí ár gcéad chluiche iománaíochta againn an tseachtain seo. Bhuaigh muid 5:6 in aghaidh 2:9 ar Scoil Liatroma. Beidh an chéad chluiche eile an tseachtain seo chugainn in aghaidh Scoil Chill Chúile.
Bhain muid an-taitneamh go deo as ‘Lá na Leabhar le déanaí. Bhí neart spraoi agus craic againn ar scoil! Rang III/IV
Rinne muid pancóga sa seomra ranga inniú. Bhí siad an-bhlasta. Chas cúpla duine san aer iad. Fuair gach duine píosa de cheann agus thug muid píosaí do na múinteoirí freisin. Chuir muid líomóid, nutella, mil agus síoróip orthu. Declan + Maitiú, R6