Gach seachtain roimh na Nollag bhí muid ag tabhairt cuairt ar an halla áitiúil chun go mbeadh muid inann corpoideachas a dhéanamh. Bhain na páistí an taitneamh as. Gach seachtain rinne muid staisiúin. Rinne muid cleachtadh ar scileanna difriúla ar nós cén chaoi liathróid a chaitheamh i gceart, cén chaoi liathróid a chiceáil […]
Spórt
Chuaigh R5 agus 6 go dtí an Halla Temperance inniu chun cluichí eitpheile a imirt. Bhí ceithre fhoireann againn agus ghlac chuile dhuine páirt. D’imir muid cluichí in aghaidh scoláirí ó Scoil Dhún Doighre. Bhí ar a laghad ceithre chluiche ag gach foireann agus bhain muid an-spraoi as! Tháinig scoláirí […]
Is breá linn Cluiche an Rí a imirt le chéile! Tá an-scil ag na páistí agus bíonn fáilte roimh gach duine a bheith ag imirt. Breathnaigh ar an bhfíseán! [media id=25]
Tharraing agus dathaigh Ben agus Robert i Rang a Sé an pic iontach seo chun cabhrú linn comhaireamh i ndóanna timpeall na scoile. Cé mhéad súile ar fad atá ann? More maths games at this link: http://mal.ilearn.ie/MaL_Activities/ca23/ca23.htm
Comhghairdeas le Eoin i Rang a Sé a tháinig sa naoú háit i gCraobh TrasTíre na Gaillimhe. Ghlac ár bhfoireann reatha ar fad páirt agus d’éirigh thar cionn leo. Comhghairdeas libh ar fad. An bhfuil sibh in ann Eoin a aimsiú sa slua?
Ghlac ár bhfoireann reatha páirt i rás áitiúil an tseachtain seo agus beidh siad ag dul ar aghaidh chuig Rás an Chontae an Mháirt seo chugainn i Rinn Mór, Gaillimh, idir 12 – 1.30pm. Our running team took part in a local race last week and will be going forward to […]
Rinne na páistí an píosa ceol seo chun tacú leis an bhfoireann iomána ar an Domhnach. Tá súil againn go mbeidh Liam Mac Cárthaigh ag teacht ar cuairt chugainn go luath! [media id=22 height=20]
Tá muid ar fad ar bís faoin gcluiche mór ag an deireadh seachtaine, agus muid ag súil go mór le cluiche maith agus bua do Ghaillimh! Bhí “Lá Marún” againn ar an Aoine chun tacaíocht a thabhairt don fhoireann. Beirigí bua ar an Domhnach, a leaids!
Roinnt pictiúr ón lá spóirt. Má bhíonn tuilleadh pics ag tuistí is féidir iad a chur go oifig@gaelscoilriabhach.ie If any parents have other nice photos please send them to oifig@gaelscoilriabhach.ie