Tháinig garda Joe ó Chonamara ar cuairt chugainn an tseachtain seo caite. Labhair sé linn faoina phost agus bhí deis ag na gasúir glas láimhe a chur orthu féin.
2017-2018
Tá muid ag foghlaim faoi sheans sa mhatamaitic. Rinne muid cúpla gníomhaíocht – ag caitheamh dísle, ag tarraingt cnaipe daite as mála agus ag caitheamh bonn airgid. Bhí na torthaí an-suimiúil! Rinne muid os cionn 700 caitheamh leis na boinn agus chríochnaigh sé suas an-ghar do 50/50! Chaith muid dísle […]
Tháinig Éamon Ó Cuív T.D. ar cuairt chugainn an tseachtain seo caite. Labhair sé linn faoina shaol mar theachta dála, faoin nGaeilge, faoina chuid scolaíochta féin, agus faoin mBreatimeacht fiú! Freisin, d’inis sé a lán scéalta dúinn faoina sheanathair Éamon De Valera – ag dul ar cuairt go dtí Áras […]
Chuir na gasúir síolta biolair an Luan seo caite agus féach orthu anois! Is féidir le síolta biolair fás gan ithir ach tá solas na gréine agus uisce ag teastáil uatha. Chuireamar na síolta in olann chadáis. Táimid ag súil go mór leis an mbiolar a chur inár gceapairí.
An obair ar siúl ag Rang 2 faoi láthair le cré. Diosca álainn déanta inniu ag baint taitneamh as uirlisí cré a úsáid chun patrún a cruthú .
Bhain muid an taitneamh as ár cuairteoir spesialta an tseachtain seo mar cuid den sraith Aoieanna Aibreáin eagraithe ag an gCoiste Gaelbhratach. Tháinig an Doctúir Cornelia Ní Chonghaile chun labhairt linn faoin saol san Ollscoil.
I nGaelscoil Riabhach tá muid thar a bheith brodúil as an éagsúlacht idir daltaí agus foireann. Is cúis ceiliúradh é agus foghlaimaíonn muid ar fad go leor ó am a chaithimh le daoine ó culraí difriúla. Bhain muid an Brat Buí amach roinnt bliana í shin – duais a dtugtar […]
Tar chuig an siopa scoile gach Luan, Céadaoin agus Aoine! Tá siopadóirí den scoth againn! Shocraigh an coiste gaelbhrataí a bheith i gceannas ar an siopa scoile agus cuirtear fáilte roimh chách! Bíonn an siopa oscailte ó 8:40am – 9:00am.
Rinne rang a trí turgnamh le fáil amach cén tionchar a bhíonn ag teas ar aer. Bhí na torthaí an-shuimiúil. Líon na daltaí isteach bileog oibre ina dhiaidh chun machnamh a dhéanamh ar an méid a d’fhoghlaim siad: