A chairde, caithfidh mé a rá go ndearna rang a 1 an-iarracht i mbliana do Lá na Leabhar. Seo thíos roinnt pictiúirí dóibh.
2016/2017
Bhí lá álainn againn do Lá na Leabhar an Aoine seo chaite! Ghléasamar suas mar charachtair ó na leabhair is fearr linn. Tháinig rang Múinteoir Síle isteach chun leabhair a léamh dúinn agus léamar ár leabhair léitheoireachta dóibh!
Bhí muid ag foghlaim faoi análú agus na scamhóga. Rinne muid macasamhail de na scamhóga agus an scairt le taispeáint cén choi a oibríonn análú i do cholainn!
Ghlac na Iaguair páirt sa gcómórtas réigiúnda Spikeball inné. D’éirigh thar cionn leo agus anois tá said tríd go dtí an babhta ceannais uile-Éireann! Beidh said ag imirt ar son na scoile in Ollscoil Luimnigh ag deireadh mhí an Mhárta!
Bhí rang a 3 ag foghlaim faoin Earrach le mí anuas. Chuamar ag siúil timpeall na scoile chun comharthaí an Earraigh a aithint. Ansin, shocraíomar ár dtaispeántas féin a chruthú ón tús. D’fhoghlaimíomar go leor sa phróiséas seo faoi: Líníocht (tharraingíomar gach rud muid féin ón tús). Phéinteáil agus meascadh […]
Chuaigh Rang 2 go dtí Féile Scoil Drámaíocht na Gaillimhe le déanaí lenár dráma ‘Harry Potter agus an Teilifís Briste’. Bhí an lá againn tar éis go leor oibre agus d’eirigh le Oisín gradam ‘Aisteoir is Fearr’ a bhuachaint. Comhghairdeas d’Oisín agus don Rang uilig. Oisín mar Voldemort – […]
Chonaic muid éan neamh-choitianta i rith na seachtaine – an ghealóg ghiolcaí. Freisin, thit cuid de na beathadáin mar gheall ar an ngaoth láidir. Ach níor stop sin an spideog seo ag teacht ar cuairt!
Tá muid ag forbairt ár líníocht i Rang 2 faoi láthair. Tá muid ag díriú isteach ar breathnadóireacht agus pictiúr a dhéanamh den fíor rud atá os ár gcomhar in ionad ceann ón samhlaíocht. Seo sampla de: lus an chrom cinn a rinneamar inné.
Bhí na páistí go léir gníomhach inniu ar feadh 10 noiméad ag a 10 a chlog mar chuid den chlár teilifíse ‘Operation Transformation’. Is aoibhinn linn a bheith aclaí agus sláintiúil!!