Bhí rang a 3 ag foghlaim faoin Earrach le mí anuas. Chuamar ag siúil timpeall na scoile chun comharthaí an Earraigh a aithint. Ansin, shocraíomar ár dtaispeántas féin a chruthú ón tús. D’fhoghlaimíomar go leor sa phróiséas seo faoi:
- Líníocht (tharraingíomar gach rud muid féin ón tús).
- Phéinteáil agus meascadh péinte.
- Chomhoibriú lena chéile agus obair ghrúpa.
- An tEarrach é féin.
Táimid an-bhródúil as ár dtaispeántas. Bhí grianghraf (a roghnaigh dalta sa rang) ina spreagadh don chúlra:


