Bhaineamar an-chraic as an ceacht mata / ealaíon a bhí againn faoi pátrúin. Comh maith lenár súile bhain muid úsáid as ár nguthanna chun na phátrúin a canadh os ard – rud a dhéanann an mhata i bhfad níos éasca! Féach ar a léithéad de cruthaicheas…
Eolaíocht agus Matamaitic
Bhíomar ag foghlaim faoi teas i rith seachtain eolaíochta. Ar dtús rinne muid staidear ar tionchar teas ar aer – go n-eiríonn sé níos mó agus go líonann sé níos mó spás. Rinne muid tionscadal chun é sin a thaispeáint. Bhí ríméad orainn nuair a d’oibrigh sé ach rinne muid […]
Le cúpla seachtain anuas bhí Rang a 4 ag obair go dian ar ár bhfíseán eolaíochta don chomórtas Reel Life Science i mbliana. An uair seo, breathnaíonn muid ar an gcroí agus cén chaoi a oibríonn sé. Bain sult as!
Bhaineamar an-taitneamh as foghlaim faoi spás, plainéad, réaltaí agus roinnt mhaith rudaí eile… Céad rud maidin Dé Luain thaispeáin Caoimhín de Bhailís ó Blackrock Observatory i gCorcaigh cén plainéad gur féidir linn feiceáil san oíche faoi láthair agus d’fhreagar sé na mílte ceisteanna a bhí againn! Níos déanaí sa seachtain […]
Bhaineamar an craic as an mata i rith seachtain mata. Roinnt samplaí: Ag fáil amach cé comh mór is atá rudaí móra éagsúla… Breagáin mhata agus cluichí cártaí sa seomra ranga:
Chaith muid roinnt mhaith ama ag obair ar an fhíseán seo agus tá muid thar a bheith bródúil as! Is laochra eolaíochta í Maria Sybilla Merian a bhí an tógtha le feithidí (cosúil linne!). Níl mórán aithne ag daoine uirthi na laethanta seo agus shocraigh muid é sin a athrú […]
Tá an gáirdín scoile lán le cruimheanna cábáiste. Chuir dhá chineál fheileachán éagsúla na huibheacha agus d’fhás na cruimheanna astu. Tá muid ag coinneáil súile orthu ar fanacht orthu dul isteach i gcrisilidí agus ansin beidh siad ina bhféileachán. Bánóg bheag agus bánóg mhór an dhá chineál feileachán.
Tá rang a haon ag foghlaim faoin spéir faoi láthair. Tá an-obair ar siúl sa bhaile. D’fhéach cuid againn ar an léacht iontach seo agus chruthaíomar ealaín bunaithe air: […]
Bíonn go leor cócaireachta agus go leor bácála ar siúl ag daltaí rang a haon sa bhaile. Foghlaimíonn siad faoi mheáchan, faoi bhainistíocht ama agus faoi chomhoibriú nuair a bhíonn siad sa chistin. Ar ndóigh, breathnaíonn an bia ar fad thar a bheith blasta freisin!: