Tugadh ardmholadh do na lúthchleasaithe ar fad a ghlac páirt sa gcomórtas trastíre i nGaillimh. Chomh maith leis sin moladh Gaeilgeoirí na Seachtaine
Monthly Archives: September 2024
Bhí an-lá go deo ag na páistí a rith ar son na scoile sna rásaí tras tíre sa Rinn Mhór le déanaí. Maith sibh ar fad!
Chuaigh muid go dtí na cúirteanna leadóige i rith na seachtaine chun triail a bhaint as leadóg a imirt. Thaitin sé go mór le gach duine agus bhí an aimsir do-chreidte!
Chaith Rang a 6 trí lá (agus dhá oíche) sa Ghaeltacht….Gaeilge á labhairt acu agus táimid an-bhródúil as an gcaoi gur léiríodar béasaí agus meas ar gach éinné lenár bhuail siad.
Fáilte go Rang 1! Tá tús iontach déanta ag a rang le tús na bliana agus iad ag bogadh suas óna naíonáin. Mar gheall gurb é téama an mhí seo ná ‘Mé féin’, bhí na páistí ag breathnú ar a íomha féin tríd an féinphortráid á dhéanamh. Tá mé ag […]
Bhí muid ag foghlaim faoinár gcuid ainmneacha agus an tábhacht a bhaineann le d’ainm. Tá muid ar fad bródúil as ár gcuid ainmneacha agus rinne muid ealaín bunaithe orthu. Ansin rinne muid bróidnéireacht ag úsáid snáthaid agus snáithín dár gceannlitreacha. Breathnaíonn siad go hálainn! Tá muid an-sásta lenár gcuid ceardaíochta!
Tá an-chuid obair déanta ag Naíonáin Mhóra go dtí seo! Ós rud é go bhfuil an Fómhar linn anois, rinne na páistí ealaín a bhí bunaithe ar an séasúr seo. Bhí orthu duilleoga, sionnaigh is gráinneoga a cruthú, ag baint úsáid as a lamha féin, ag rianú iad agus ansin […]
Tá go leor ealaíne déanta ag na daltaí. Chruthaigh na daltaí aghaidheanna bunaithe ar dhísle agus seans. Chomh maith le sin, bhí deis ag na daltaí aghaidh a tharraingt futhu féin. Tharraing siad an taobh amuigh agus an taobh istigh. Bhí an taobh istigh bunaithe ar suimeanna na bpáistí. Dhear na daltaí húdaí le na rudaí a thaitníonn leo. Ar an húdaí, tá an dath, ábhar agus spórt is fearr leo. Le linn ceachtanna Staire, tá muid tar éis go leor oibre a dhéanamh bunaithe ar amlínte. D'úsáid na daltaí taibléid na scoile chun taighde a dhéanamh. Ansin, chruthaigh siad amlíne. Tá muid tar éis go leor lúthchleasaíochta a dhéanamh chomh maith. Téann muid amach go minic ag rith ar feadh cúig nóiméad chun cleachtadh a dhéanamh. Beidh roinnt daltaí ag rith ar son na scoile i Rinn Mhór roimh deireadh na míosa. The pupils have done a lot of artwork since returning to school. The pupils created faces, using a dice and based on chance. In addition, the pupils had the opportunity to draw a self-portrait of themselves. They draw the outside and inside of themselves. The inside was based on the interests of the pupils. The pupils designed a hoodie based on the things they like. On the hoodie, you can see their favourite colour, subject and sport. During History lessons, we have done a lot of work on timelines. The pupils used the school tablets to research a famous person of their choice. Afterwards, the pupils created a timeline. We have done a lot of athletics as well. We do our best to go outside for five minutes on a regular basis to practice our running. Some of the pupils will be representing the school in Renmore at the end of the month.