Ghlac muid páirt i gcomórtas réigiúnda na Gaillimhe sa eitpheil inniu i mBéal Átha na Sluaighe. Bhí trí fhoireann mheasctha ón scoil páirteach agus bhí siad ar fad iontach! Tar éis lá fada imeartha, d’éirigh le ceann dár bhfoirne an comórtas a bhuachaint! Tá siad anois ag dul ar aghaidh […]
Monthly Archives: February 2024
10 posts
Seo chugaibh an gearrliosta don chomórtas a bhí againn don 100ú lá. Céad dara agus tríú áit le roghnú againn an tseachtain seo chugainn. Mar rang nó sa mbaile déan tráchtaireacht ag bun faoi na pictiúir is fearr libh!
D’oibrigh rang 6 i ngrúpaí chun dreasanna gleacaíochta a chruthú. Rinneadar sár obair…mar is iondúil. Maith sibh.
Tháinig deireadh leis an léig sacair am lóin an tseachtain seo. Comhghairdeas leis na buaiteoirí. Táimid an-bhródúil as na himreoirí ar fad. Anois foireann scoile á roghnú do na comórtais FAI i bPort Omna.
Taispeántas lán le heolas ullmhaithe ag Coiste Glas don Chóisir Imbolc. Bithéagsúlacht an téama i gcomhair 2024/2025….ach beidh neart eile á bpleanáil acu freisin chun an imshaoil a chosaint.