Yearly Archives: 2022
Rinne Rang M. Brian a lán oibre ag foghlaim faoi fhuaim san eolaíocht. Rinne muid físeán faoin méid ar fhoghlaim muid, agus chuir muid isteach sa gcomórtas Reel Life Science é. Fuair muid nuacht iontach an tseachtain seo: bhuaigh muid duais sa chomórtas mar an Físeán Gaeilge is fearr in […]
Seachtain Spáis a bhí ann le déanaí agus bhí ceacht idirghníomhach againn sa scoil faoin ngrianchóras. D’fhoghlaim muid faoin ngrian, na pláinéid agus a gcuid gealacha!
Bhí Tionól ag na meánranganna inniu agus bronnadh teastais ar na daltaí. B’iad a chomhscoláirí a mhol iad as Gaeilge a labhairt istigh sa scoil agus amuigh ag spraoi. Táimid an-bhródúil astu.
Aimsir álainn agus lá den scoth againn ag na ráis trastíre sa Rinn Mhór. Táimid an-sásta gur eirigh chomh maith sin lenár ndaltaí ar fad. Comhghairdeas faoi leith do bhuachaill amháin i Rang a 6 atá tríd go dtí na comórtais ceannais an tseachtain seo chugainn.
Bhí an-lá ag Rang 4 le déanaí nuair a chuamar ar thuras scoile chuig Creagán Eoghain agus Caisleán Bhun Raite. D’fhoghlaimear faoi shaol na gCeilteach, na nGael agus na Normannach in Éirinn. Crannóg, lios, sous-terrain, cluichí, drámaíocht, fíodóireacht, long Bhrendáin, staighrí bíseacha, seomraí tae, páirc spraoi agus neart eile! Rang […]
Mar chuid dár gclár Gaeilge i mbliana d’éisteamar le scéal faoi bhainis. Bhí an-suim ag na páistí sna comhráití a tháinig as an scéal sin – an raibh siadsan ag cúléisteacht riamh? An maith leo dul ag siopadóireacht chun éadaí nua a fháil? Bheartaigh mé ‘bainis’ a eagrú mar cheacht […]
Tá an samhradh buailte linn agus táimid ag déanamh rudaí deasa na laethanta seo. In é chuamar síos go páirc Corry idir na ceatha. Bhí orainn sos beag a glacadh maidir leis an báisteach agus bhíomar fíor buíoch as ucht an foscadh nua ag na siopaí béal dorais! […]
Tháinig teidithe ar scoil le rang a dó inniu agus rinnemar ceapairí le chéile! Teddy bears accompanied us to school today and we made sandwiches together. I mí na Bealtaine, scríobhamar scéalta sa Bhéarla ag baint úsáide as ‘ceapairí scéalacha.’ Back in May, we used the concept of a story […]