Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Néalta, Scamaill agus Clabhtaí

Don seachtain eolaíochta d’fhoghlaimear faoi scamaill. Dhírigh muid isteach ar conas a tharlaíonn scamall – gal, brú aer agus dromchlaí. Rinneamar scamall beag i mbuidéal.

Ansin d’fhoghlaimear faoi cúpla scamaill éagsúla a mbíonn sa spéir agus rinneamar iarracht iad a thógáil le codás agus gliú. Críochnaigh muid ag féachaint ar na scamaill timpeall orainn le súile nua na n-eolaithe!

%d