Yearly Archives: 2020
Tá roinnt páistí i rang 2 ag tabhairt faoi beochain ina am féin faoi láthair. Ní obair scoile é seo ach tá mé á roinnt toisc go bhfuil siad ar fheabhas!
Agus muid ag foghlaim faoi meachan sa mhata thosaigh roinnt mhaith den rang ag bácáil – mata phraicticiúl den scoth! Tá cuma an bhlasta ar gach rud agus tá ocras orm anois 😀
Nuacht Scoile: – 18 Mí Lúnasa/ August 2020 A thuismitheoir, a chara, Tá súil agam go bhfuil sibh ar fad ag coinneáil go maith. We hope you and your families are keeping safe and healthy. As we approach the start of the school year we are working to safely reopen […]
Don tír eolas an tseachtain seo tá rang 2 ag dul ar siúlóid gar dá dtíthe féin agus ag tarraingt léarscáil dó. Tá siad chun cúpla rudaí spéisiúla a mharcáil fresin chun níos mó aithne a chur ar ár 2km féin.
Don dúshlán an tseachtain seo bhí ar na bpáistí ainmhí nua-aimsithe a shamhlú. Cén t-ainm atá air? Cén áit a chónaíonn sí? Céard a itheann sí? Céard atá spéisiúl fúithí? Torthaí thar a bheith spéisiúl mar de gnáth! Maith sibh a ghasúir…
Go hiondúil ní tugaimse aon obair bhaile thar aon bhriseadh ach ní gnáth-am é seo agus mar sin thug mé rogha do pháistí rang 2 dúshlán a phiocadh dóibh féin. Seo roinnt de na torthaí – go raibh maith agaibh iad seo a roinnt liom agus maith sibh uilig!
A thuismitheoirí, Beidh cruinniú de Bhord Bainistíochta Ghaelscoil Riabhach an tseachtain seo chugainn agus fáiltíonn muid roimh aiseolas ar na polasaithe seo. The Board of Management of Gaelscoil Riabhach will be discussing the following draft policies at our next meeting on May 6th 2020. Feedback or comments may be posted […]