D’úsáid Rang 2 an cur chuige fiosrach chun foghlaim faoi inslitheoirí agus seoltóirí teasa. Chuir muig an cheist simplí ‘an gcuirfidh muid cóta ar an fear sneachta?’
Tar éis plé a dhéanamh air rinneamar taifead ar ár dtuarimí.
Ansin thóg muid dhá bhosca beaga lán le leac oighir. D’fhág muid ceann amháin amuigh faoin aer agus chuir muid ‘cóta’ ar an gceann eile (chlúdaigh muid suas é i hataí, scairf srl).
Ag deireadh an lae bhí ionadh an domhan orainn go raibh i bhfad níos mó den cheann sa ‘chóta’ fós reoite!
D’fhoghlaimear an chaoi a oibríonn inslitheoirí agus gurb iontach an smaoineamh é cóta a cur ar fear sneachta!