Bhí muid ag foghlaim faoi fhuaim an tseachtain seo caite. D’fhoghlaim muid gur cineál fuinnimh í an fhuaim, gur féidir le páistí nótaí níos airde a chloisteáil ná daoine fásta, agus ago mbogann fuaim i dtonnta, cosúil le tonnta ar an bhfarraige. D’fhoghlaim muid freisin cén chaoi a dhéantar fuaimeanna […]
Monthly Archives: September 2018
Bhí Rang 4 + 5 ag foghlaim faoi thíreolaíocht na Gaillimhe. Rinne muid cluiche cláir le cleachtadh a dhéanamh air dar teideal “Gaillimh Abú”. Caithfidh na himreoirí cuairt a thabhairt ar roinnt bailte sa chontae, ach bí cúramach má bhíonn ort cárta seans a phiocadh suas – d’fhéadfá a bheith […]
Chuile bhliain i nGaelscoil Riabhach, bíonn toghchán do Choiste na nDaltaí. Seasann scoláirí ó ranganna 4, 5 agus 6 agus léann siad amach óráidí ina deir siad cé na rudaí a ndéafaidís dá mbeidis ar an gCoiste. Bíonn cead vótála ag gcah páiste ó Rang 3 ar aghaidh. Freisin, bíonn […]
Ghlac foireann tras tíre na scoile páirt i Rás Tras Tíre Manning i mBushfield an tseachtain seo caite. D’éirigh thar cionn leo ar fad agus tháinig foireann buachaillí Rang 3 agus 4 sa chéad áit! Maith sibh ar fad!
Tá Rang 2 ag obair go dian ar comhoibriú, dea iompar sa rang agus sa chlós agus dea-shampla a thaispeaint do na ranganna níos óige. Mar gheall ar a chuid iarrachtaí tá 500 poinnte dojo fáighte acu cheanna féin i mbliana! Shocraigh muid cóisirín beag chun an ócáid a cheiliúradh. […]
Tá muid ag obair ar tógáil faoi láthair. Comh maith le sin táimid ag foghlaim faoi comharthaí an fhómhair. Bhaineamar an taitneamh as foraois a cruthú – a léitheid d’éagsúlacht!