Is traidisiún é sa scoil s’againne go ngléasann muid (páistí agus múinteoirí!) inár gcuid éadaí codlata ar an lá is giorra den bhliain – Grianstad an Gheimhridh! Tháinig muid le chéile chun cúpla amhrán séasúrach a chasadh. Freisin, bhailigh muid airgead don charthanacht áitiúl Galway Simon Community. Is údar bróid […]
Monthly Archives: December 2016
Rinne rang a 3 turgnamh inniu le fáil amach cén tionchar a bhíonn ag teas ar aer. Bhí na torthaí an-spéisiúil go deo. Líonamar isteach an meid a d’fhoghlaimíomar ar ár mbileoga oibre ina dhiaidh. Is cinnte go rabhamar inár eolaithe inniu agus muid i mbun oibre.
Chuir rang a dó agus rang a trí críoch lenár tréimhse gleacaíochta ar an Luan. Bhí an-am againn ag imirt ‘Madraí agus Coileán’ agus muid i staidiúir an mhadra. Féach ar na grianghraif agus meastú an éireoidh leat an coileán a aimsiú?
Scoil ag dúnadh ag 12 nóin do laethanta saoire na Nollag. School closes at 12 noon for Christmas holidays.
Bhí na páistí i naíonáin bheaga ag foghlaim Damhsa Gaelach le cúpla seachtain anuas le múinteoir damhsa Carol. Bhain siad an-taitneamh as!
Tháinig an Coiste Buí, Múinteoir Lucia agus Múinteoir Fiona ar cuairt chuig an rang maidin inniu chun leabhar ó thíortha eile a thaispeáint do na gasúir. Bhain na gasúir an-taitneamh as mar d’fhoghlaim siad go raibh difríocht mhór idir an chaoi go scríobhann muid leabhair anseo in Éirinn agus ar […]
An tseachtain seo bhí muid ag foghlaim faoi cén ábhar is fearr a d’fhéadfaí a úsáid chun cóta a dhéanamh. Rinne na páistí an turgnamh seo leanas sa rang. Bhain siad an taitneamh as.
Rinne rang a trí turgnamh eolaíochta ar an Déardaoin. Bhíomar ag obair i ngrúpaí agus bhí a c(h)úram féin speisialta ag gach duine sa ghrúpa. Táimid ag súil go mór lenár gcéad thurgnamh eile:
Bhí an-mhaidin ag rang a dó agus ag rang a trí ag déanamh gleacaíochta. Tá an comhoibriú idir an dá rang thar moladh beirte:
Tá Rang2 tar éis foghlaim faoin Sean Eigipt let cúpla seachtain anuas. Chun críoch a chur leis chruth muid ár bpiramidín beag féin 🙂