Cuireadh deireadh leis an gcéad leath théarma le lá éadaigh féin agus ‘Hata Mata’ comh maith. Rinne rang 2 an iarracht ar fad agus bhaineamar an sult as an lá 🙂
Monthly Archives: October 2016
Tháinig rang a 3 ar scoil inniu ina n-éadaí féin le hataí mata den scoth orthu. Is cinnte go bhfuil an mata thart timpeall orainn agus tá sé soiléir go dtuigeann rang a 3 é sin. Bhí hataí cruthaitheacha áille le feiceáil ar fud na scoile inniu.
Bhí lá iontach ag Rang 2&3 ag Baboró i nGaillimh. Chonaic muid taispeántas fíor spéisiúl ab ainm Juniper agus bhain múid an taitneamh as an seó Voyage. Eachtra mór dúinn bheith amach i nGaillimh é féin agus Amharclann Halla na Cathrach a fheiceáil comh maith.
Chuaigh rang a hAon ar cuairt chuig an leabharlann an tseachtain seo agus bhuaileadar leis an údar Gemma Breathnach. Scríobh Gemma an leabhar ‘Luán agus an Mórphianó’ agus léigh sí a leabhar do na páistí. Bhí spraoi acu freisin ag imirt cluiche míme bunaithe ar na huirlisí atá sa cheolfhoireann. Is scríbhneoir […]
Rinne Rang 2 Físeán don chomórtas Reel Life Science comh maith. Bhí an craic againn agus tá na páistí thar a bheith bródúil as 😊 Bainigí taitneamh as!
D’fhéachamar ar ghrianghraif de thithe éagsúla, neamhgnácha ar fud an domhain. Ansin, thógamar ionspioráid ón scéal ‘The House that Grew.’ Tharraingíomar ár bpictiúir féin den teach a d’fhás. Bhí go leor de na liníochtaí bunaithe ar ghnáththithe ar dtús báire ach ansin d’fhás agus d’athraigh siad. Tá torthaí ár saothar le feiceáil […]
Rinne na páistí an físeán seo bunaithe ar an agallamh a chuir muid ar an spásaire Ron Garan. Cuirfidh muid isteach ar an gcomórtas Reel Life Science leis i mbliana. Bain taitneamh as!
Bhí Comórtas Náisiúnta na mBalún Te ar siúl i mBaile Locha Riach an tseachtain seo. Tháinig foireann amháin chuig an scoil lena mbalún agus thaispeáin siad dúinn cén chaoi a oibríonn sé. Lig siad do gach duine seasamh isteach sa gciseán fiú! [media id=86]