Chuaigh rang a hAon ar cuairt chuig an leabharlann an tseachtain seo agus bhuaileadar leis an údar Gemma Breathnach. Scríobh Gemma an leabhar ‘Luán agus an Mórphianó’ agus léigh sí a leabhar do na páistí. Bhí spraoi acu freisin ag imirt cluiche míme bunaithe ar na huirlisí atá sa cheolfhoireann. Is scríbhneoir scritpte í Gemma don seó Ros na Rún freisin agus bhí ceisteanna ag na páistí di faoin seó.
You may also like
Tá siad ag déanamh sár-obair sa bhaile – Ealaín, radharc fhocail, peannaireacht, léitheoireacht, spóirt. Mo cheol sibh 🙂
Tá an scoil ar bís as brat gníomhach a thuilleadh arís. Seo blaiseadh de chuid de na rudaí gníomhacha a bhí eagraithe […]
Bhí an-lá ag Naíonáin Bheaga ar an bhfeirm an Aoine seo caite. Chonaic muid ainmhithe éagsúla, thug an feirmeoir síob dúinn ar […]

