An bhliain seo caite bhí muid an-gnóthach sa ghairdín scoile. Cúpla lá ó shin bhí muid amuigh san ngairdín scoile agus bhain muid na glasraí a bhí curtha againn. Breathnaigh thíos ar na glasraí a bhain muid.
Monthly Archives: October 2014
Críochnaigh na seanfhocail agus na samhailtí seo: (a) Ba i ________________ a tógadh na caisleáin. (b) Bhí sí chomh leice le ______________. (c) ________________ ciaróg ciaróg eile. (d) Bhí muid chomh tuirseach le _______________. (e) Dá mbeadh soineann go Samhain ann bheadh púic ar ____________. (f) Is minic a baineadh […]
Dhá cheist an tseachtain seo arís. Féach ar na bratacha thíos. 1. Cén tír gur leo iad? 2. Cén codán de gach bratach atá glas? (Tá bratach amháin níos deacra…ach déan meastachán). Freagraí le cur síos mar reponses …duais mhór don cheann seo i ndiaidh na Samhna. a b c […]
An t-seachtain seo bhí muid an-gnóthach ag obair ar Mhata. Rinne muid roinnt obair ar “Target Boards”. D’éirigh go hiontach leis na páistí.
Is breá leis na Naíonáin Mhóra na stáisiúin Mhata mar bíonn deis acu go leor cluichí Mata éagsúla a imirt. Seo iad na páistí ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí Mata éagsúla agus iad ag foghlaim ag an am chéanna.
Seachtain Códaithe atá ann agus mar chuid de sin rinne muid “Lá Scratchála” inniu. Thaispeáin muid ár gcuid cluichí Scratch do na páistí sna ranganna eile!
D’imríomar cluiche inniu ar an téama ‘Oíche Shamhna.’ Bhaineamar an-sult as! Bhí sé deacair gan ár lámha a húsáid ach d’éirigh linn.
Inné i gceacht chorpoideachais, bhogamar ár gcoirp ar nós damháin alla, nathracha nimhe, portáin agus péisteanna talún. Féach ar ár ngrianghraif agus tomhas cén ceann atá i gceist i ngach ceann:
Táimid ag foghlaim go leor rudaí faoin bhFómhar i láthair na huaire. Léigh muid leabhar faoi ‘Gráinne Gráinneog’ agus rinneamar ár ngráinneoga féin as cré.