Monthly Archives: February 2013
Bhí aimsir fhoirfe againn don Scipeatón inné buíochas le Dia, agus tá moladh tuillte ag na ranganna ar fad – bhí an scipeáil ar siúl go leanúnach ar feadh an lae. Seo Rang 5 agus 6 arís, ag scipeáil i mbealach éagsúil! [media id=37]
Bhí chuile pháiste sa Ghaelscoil ag scipeáil inné ar an gclós chun airgead a bhailiú do Speeders i nGaillimh agus Ospidéal na bPáistí, Cromghlinn. Seo físeán beag do na páistí in aicsin! [media id=36]
A chairde, tá Rang a Dó agus Rang a Trí ag obair go crua. Tá siad ag tabhairt faoin scríbhneoireacht Béarla ar nós fíor-scríbhneoirí. Tá siad ag déanamh cúpla ceardlann le Múinteoir Carol agus mé féin faoi láthair. Tá siad ag iarraidh feabhas a chur ar an bhfoclóireacht atá in úsáid acu. I gceann cúpla […]
A haon, a dó, a haon, dó , trí. Glas, gorm, dearg agus buí. Oráiste, corcra, bán-dearg is donn, Tar anseo agus scipeáil liom. Liath, airgead, bán is ór, Dathanna geala tá go leor. Scríofa ag Tuán agus Raphi. Dathanna Dearg, Corcra Glas is bán Dathanna deasa I mála […]
An tseachtain seo tá muid ag foghlaim faoi maighnéadachas. Tá muid gnóthach ag déanamh turgnaimh. Tá na páistí ar fad ag baint taitneamh as. D’fhoghlaim muid o mbaineann muid úsáid as maighnéid i go leor rudaí difriúla m.sh doras an chuisneoir a choinneáil dúnta. Chomh maith leis sin d’fhoghlaim siad […]
Inniu an chéad lá de Feabhra. Is tús an Earraigh Ceiltigh atá ann. Ar scoil chuir muid bléibíní sa gharraí agus beidh cróch ag fás go luath againn. Chonaic muid na gais lus an chromchinn ag gobadh aníos freisin. Tá bachlóga le feiceáil ar na crainn chomh maith. Tá traidisiún […]
An tseachtain seo caite bhí muid ag foghlaim faoi fórsaí. D’fhoghlaim muid faoi rudaí a snámhann agus nach snámhann i uisce. Chomh maith leis sin bhain muid úsáid as uisce sáile chun fáil amach an raibh aon rud in ann snámh ansin. D’éirigh leis na páistí ubh a chur ag […]