Yearly Archives: 2012
Tharraing agus dathaigh Ben agus Robert i Rang a Sé an pic iontach seo chun cabhrú linn comhaireamh i ndóanna timpeall na scoile. Cé mhéad súile ar fad atá ann? More maths games at this link: http://mal.ilearn.ie/MaL_Activities/ca23/ca23.htm
Comhghairdeas le Eoin i Rang a Sé a tháinig sa naoú háit i gCraobh TrasTíre na Gaillimhe. Ghlac ár bhfoireann reatha ar fad páirt agus d’éirigh thar cionn leo. Comhghairdeas libh ar fad. An bhfuil sibh in ann Eoin a aimsiú sa slua?
Cén cineál damhann alla atá sna griangraif thuas? Bhí sé lasmuigh de fhuinneog Mhúinteoir Pól inniu agus ghlac muid griangraf de. Cabhróidh an nasc seo…http://www.gardenofireland.com/workbook/?tag=ireland Scríobhaigí bhúr bhfreagraí thíos.
Ghlac ár bhfoireann reatha páirt i rás áitiúil an tseachtain seo agus beidh siad ag dul ar aghaidh chuig Rás an Chontae an Mháirt seo chugainn i Rinn Mór, Gaillimh, idir 12 – 1.30pm. Our running team took part in a local race last week and will be going forward to […]
Tá muid ag foghlaim faoi Naomh Breandán sa Stair faoi láthair i Rang a 5 agus 6. Tá baint láidir aige leis an gceantar seo – an bhfuil sibh in ann aon rud thart ar Bhaile Locha Riach atá ainmnithe le haghaidh Naomh Breandán a scríobh isteach mar fhreagra? (Cartaí […]
Bronnadh seacht teastas inniu ag an gcéad Tionól den bhliain. Cheana féin léirigh daltaí sna ranganna go bhfuil siad réidh chun foghlam agus chun obair a dhéanamh. Maith Sibh!! Tá duine de daltaí nua na scoile i ndiaidh teastas a fháil ag a céad tionól! Ar fheabhas.