Newspaper review: Seó Samhna. 26/10/12 Last night the pupils of Gaelscoil Riabhach performed their superb yearly “Seó Samhna” at a buzzing Temperance Hall in Loughrea. All the classes took part in a variety of well choreographed acts which included song, poetry, dance and drama. The children had been practicing for […]
Monthly Archives: October 2012
Seo roinnt phictiúr de na gasúir sna scoileanna atá ceangailte linn don obair Comenius. Cén rudaí atá mar an gcéanna eadrainn agus cén rudaí atá difriúil?
Seo iad na pictiúir atá roghnaithe don chomórtas lógó Euroball. Beidh muid ag vótáil ar an Aoine!! Roghnaigh an ceann gur fearr leat!!
An tseachtain seo rinne muid an-chuid mata don t-Seachtain Mata. Bhain na páistí sult as an tseachtain. Shocraigh muid go ndéanfadh muid hataí mata don Aoine. Rinne roinnt páistí a gcuid hataí féin sa bhaile agus rinne roinnt eile iad ar scoil.
D’eagraigh muid an chéad taispeántas ealaíne don tionscnamh Comenius sa scoil an tseachtaine seo chaite agus roghnaigh muid cúig lógó don chomórtas idir na scoileanna. Beidh sé sin ar siúl an tseachtain seo chugainn.
Is breá linn Cluiche an Rí a imirt le chéile! Tá an-scil ag na páistí agus bíonn fáilte roimh gach duine a bheith ag imirt. Breathnaigh ar an bhfíseán! [media id=25]
An tseachtain seo d’fhoghlaim muid faoi ár gcnámha. D’fhoghlaim muid go raibh 206 cnámh againn in ár gcorp. Bhí ar na páistí an chreatlach a bhí ina phíosaí a chur ar ais le chéile. An bhfuil éinne in ann smaoineamh ar céard í an cnámh is fuaide sa chorp?
Tá Rang 2 ag obair go dian na laethanta seo. Tá siad ag cur abairtí le chéile agus tá siad ag cabhrú lena chéile iad a léamh.
Rinne muid roinnt obair ar na bun litriú agus rinne muid roinnt deachtú. Féach ar an sár-obair a rinne siad inniu. Molaim go hard iad.