Bronnadh duais ‘Excellence in Science and Maths’ ar Ghaelscoil Riabhach le gairid. Baineadh an duais amach trí pháirt a ghlacadh i bhfeachtais éagsúla, trí thaifead a dhéanamh ar aimsir an Earraigh, trí chuairt a thabhairt ar Chaisleán Bhiorra agus Taispeántas na n-Eolaí Óga agus trí turgnaimh leanúnacha a bheith ar […]
Monthly Archives: May 2012
Bhuail muid le hiascaire áitiúil nuair a bhí muid amuigh ar an bhfarraige ag kayakáil. Mhínigh sé dúinn faoi na ‘faoilliní’…portáin faoilline. Ansin tháinig na buachaillí ar phortáin faolline iad fhéin taobh leis an gcéibh.
Tháinig Chris, Bainisteoir Portiuncula, chun seic €825 a bhailiú ó pháistí Ghaelscoil Riabhach an tseachtain seo. Rinne muid scipatón i Mí Feabhra chun an t-airgead a bhailiú.
Arís i mbliana úsáideadh Gaelscoil Riabhach mar tús phointe don Rás 5Km i mBaile Locha Riach. Ghlac os cionn 600 luthchleasaí pairt sa rás. Sa phictiúr seo tá fir a rothaigh 40KM chun dul sa rás. Cheap siad gur scoil álainn a bhí againn. Rith Múinteoir Pól an rás in […]
Roimh briseadh na Bealtaine eagraíodh Seachtain Idirchultúrtha sa scoil. Leagadh béim le linn na seachtaine sin ar ilchineálachas na scoile a cheiliúradh. Tugadh cuireadh do thuismitheoir ón tSeirbia labhairt le ranganna, tugadh caint dúinn ar phaistí le míchumais fhisiciúla, tháinig mná isteach i mbun ceardlann ó Ghluaiseacht Lucht Siúil na […]
Tháinig cuairteoir isteach chugainn chun na feithidí éagsúil atá le fáil san loch a thaispeáint dúinn. Bhí an-spraoi againn.