Rinne muid Pluais na Clochaoise lenár gcuid pictiúir as an seomra cótaí taobh amuigh d’ár seomra ranga! Tá neart ainmhithe ón oighearaois le feiceáil ann, agus taitníonn sé go mór linn! Tá muid chun tóirse a thógáil linn ar an lá is giorra den bhliain agus na soilse a chur […]
Monthly Archives: December 2011
Ráiteas Bhoird Le seachtain anuas tá scéal iontach faighte ag Gaelscoil Riabhach, scéal lena raibh muid ag súil leis na blianta. Cuireadh bord bainistíochta na scoile ar an eolas go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna i ndiaidh glacadh lena iarratas um fhoirgneamh scoile buan 12-oide a thógáil agus go […]
Chuaigh muid ar thuras beag go dtí an leabharlann. Léigh muid go leor leabhra agus léigh an bhean san leabharlann scéal duinn. Bhí seans againn pictúir a dhathú isteach freisin.
Tháinig beirt cheoltóirí ar chuairt againn Dé hAoine seo caite. Bhaineamar an-taitneamh as. Bhí siad an-mhaith.
Bhí lá an-speisialta againn ar an Aoine – tháinig Ceathairéad Téadach (String Quartet) chun ceoil a sheinm dúinn. Chuala muid ceol iontach de chuid Pachelbel, Handel, Vivaldi agus neart píosaí eile. D’fhoghlaim muid faoi na huirlisí ceoil – an veidhlín, an viola agus an cello – agus na fuaimeanna difriúla […]