2011/2012
Roghnaigh an postaer gur fearr leatsa agus scríobh freagra ag an mbun. ‘responses’ Sampla: Is fearr liom pictiúr a 4 mar gur aoibhinn liom na dathanna atá ann.
Seachtain na hEolaíochta atá ann agus tá neart imeachtaí eolaíochta ar siúl timpeall na scoile. Chuir muid síolta inniu. Ach níl siad ar fad mar an gcéanna. Tá roinnt síolta gan uisce, síolta gan solas, síolta gan teas (sa gcuisneoir!) agus síolta gan chré fiú (ar pháipéar). Meas tú céard […]
Beidh Seachtain na hEolaíochta ar siúl an tseachtain seo chugainn. An tseachtain seo tá muid ag foghlaim faoin ngrianchóras agus na pláinéad. Tá Iúpatar le feiceáil sa spéir gach oíche an gheimhreadh seo- anocht, ta sé díreach in aice leis an ngealach. Breathnaíonn sé cosúil le réalta an-gheal. Le […]
Comhghairdeas le gach uile duine a bhí páirteach leis an Seó Samhna.. d’éirigh thar barr libh agus ba léir gur bhain gach duine an-sult as gach uile rud ar stáitse. An Míol Mór- Rang 2&3 Cór na Scoile- Rang 4&5 Billí an Bus- Naíonáin Mhóra Rama & Sita- Rang 4
Scéal Scanrúil Óiche Shamhna a bhí ann. Bhí mise agus mo chara Kevin ag mo teach. Bhí sé gléasta mar Dracula agus bhí mise mar zombie. Bhí sé a naoi a chlog. Chuaigh muid amach ag súgradh Belfast agus ina dhiaidh sin chuaigh muid ag déanamh bob nó breab. Fuair […]
Is breá linn a bheith ag imirt “Timpeall an Domhain”. Sa gcluiche seo cuireann Múinteoir Brian ceist ar bheirt ar nós “5 + 7”, “8 + 6” agus mar sin. Tá an bua ag an duine is tapúla leis an bhfreagra. Leanann sé nó sí ar aghaidh go dtí an chéad […]
D’imir Rang 4&5 Biongó na gCodán inniu. Chabhraigh na codáin choibhéiseacha go mór linn sa chluiche!