Comhghairdeas leis na páistí go léir a ghlac páirt sa chomórtas le deanaí. Tháinig ár bhfoireann faoi 11 sa dara háit! Maith sibh ar fad.
2019/2020
D’fhoghlaimeamar faoi Ghandhi agus a agóidí neamhfhoiréigneacha an mhí seo caite mar chuid de churaclam Chroí na Scoile. Ansin, phléamar na rudaí a fheiceann muid thar timpeall orainn nach bhfuil ceart, cóir nó cothrom. Pléadh réimse leathan ábhar ach sa deireadh bhog an comhrá ar aghaidh go dtí rud an-mhór […]
Agus an geimhreadh fágtha inár ndiaidh, seo samplaí de shaothair ealaíne Rang 3 bunaithe ar théama an gheimhridh. Is aoibhinn liom an éagsúlacht atá le feiceáil!
Bhí muid ar bís faoin cuairteoir a tháinig go dtí an scoil i rith Seachtain Eolaíochta. Bhí ceardlann K’Nex againn. Chruthaigh muid an t-uafás agus bhí muid comh spreagtha go bhfuair muid K’Nex don rang tar éis an ceardlann 🙂
Mar chuid de seachtain spáis d’fhoghlaim faoi cé comh mór is atá an Ghrianchóras. Seo ‘grianchóras i do phóca’ a léiríonn cé comh fada is atá na plainéid ar fad ón ngriain. An triú spota beag ag an barr, díreach in aice leis an ngriain – sin ár Domhan!
Chuaigh Rang 2 ar turas go Gaillimh i mí Dheireadh Fómhair chun freastal ar an féile ealaíona do pháistí Baboró. Chonaic muid seo iontach damhsa ón Alba ab ainm Tiger Tale. Ní raibh cead againn aon griangraf a ghlacadh i rith an seó ach mhí sé ar fheabhas! Tar éis […]
D’fhoghlaim muid faoi aer agus an chaoi a méadaíonn sé le teas. Chun é a thaispeáint, chuir muid an balún seo ar búidéal agus an buidéal isteach in uisce the. Tar éis cúpla nóiméad bhí ríméid orainn an balún a fheiceáil ag líonadh suas leis an aer the 🙂
Rinneamar am-líne dínn féin! Seo Rang 2 in ord breithe ón duine is óige go dtí an duine is sine. Mar cur i gcuimhne dúinn féin rinneamar bratach beag don duine le cur síos orainn féin agus ansin chuir muid le chéile iad mar ‘bunting’ staire sa seomra.