Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Agóid neamhfhoiréigneach ag sos mór!

D’fhoghlaimeamar faoi Ghandhi agus a agóidí neamhfhoiréigneacha an mhí seo caite mar chuid de churaclam Chroí na Scoile. Ansin, phléamar na rudaí a fheiceann muid thar timpeall orainn nach bhfuil ceart, cóir nó cothrom. Pléadh réimse leathan ábhar ach sa deireadh bhog an comhrá ar aghaidh go dtí rud an-mhór agus conspóideach i saol na ngasúr…obair bhaile! Sa deireadh, bheartaigh siad agóid neamhfhoiréigneach a dhéanamh i gcoinne obair bhaile. Lig mé dóibh póstaeir a chruthú sa seomra ranga agus d’eagraigh siad achainí (sínithe ag gach páiste i Rang 3) lena gcuid cúiseanna leagtha amach uirthi. Ag sos mór, mháirseáil siad timpeall an chlóis uair amháin lena bpóstaeir agus iad ag béicéil amach a ngáir ‘Stop obair bhaile’. Níorbh fhada go raibh slua mór páistí ó ranganna eile ag máirseáil ina dteannta! Le críochnú, shiúil Rang 3 suas staighre agus thaispeáin siad a n-achainí do phríomhoide na Scoile, Múinteoir Pól!

 

%d bloggers like this: