Beidh muid ag obair go luath ar an gcéad podchraoladh eile de chuid Raidió Riabhach. Tá fáilte roimh bhur gcuid smaointí maidir le céard a bheas mar ábhar an phodchraolta – Cárta Glas sa mbreis don chéad páiste ó Rang M. Brian a fhreagraíonn le plean maith – ach ba […]
oifig
Bhí muid ar fad ag breathnú ar an mórshiúil le haghaidh na féile. Rinne na Naíonáin Bheaga comhdháil ghréasáin le scoil i Philadelphia, Meiriceá agus ghlac Rang a 3 agus Rang a 4 páirt sa pharáid. Seo roinnt phictiúir a tharraing na Naíonáin faoin lá mór.
Bhí ár gcéad chluiche iománaíochta againn an tseachtain seo. Bhuaigh muid 5:6 in aghaidh 2:9 ar Scoil Liatroma. Beidh an chéad chluiche eile an tseachtain seo chugainn in aghaidh Scoil Chill Chúile.
Bhain muid an-taitneamh go deo as ‘Lá na Leabhar le déanaí. Bhí neart spraoi agus craic againn ar scoil! Rang III/IV
Rinne muid pancóga sa seomra ranga inniú. Bhí siad an-bhlasta. Chas cúpla duine san aer iad. Fuair gach duine píosa de cheann agus thug muid píosaí do na múinteoirí freisin. Chuir muid líomóid, nutella, mil agus síoróip orthu. Declan + Maitiú, R6
Ofráil speisialta – cárta glas sa mbreis don chéad páiste i Rang M. Brian a dhéanann nóta tagartha (response) don teachtaireacht seo i bhfoirm Haikú bunaithe ar cheann de na hábhair seo – an turas scoile R6, an Scipeatón, Lá na Leabhar, Seachtain na Gaeilge, nó Féile Raiftéirí. Ná déanaigí dearmad, […]
Bhí an Scipeatón againn inné. Bhailigh muid a lán airgid le haghaidh Concern. Fuair muid beagnach €1,000 san iomlán. Ar an lá caithfidh ar a laghaid duine amháin a bheith ag scipeáil i gcónaí. An bhliain seo chaite rinne muid é ach thug muid an t-airgead do Haven, carthanacht a bhí […]
Beidh Lá na Leabhar againn Dé Céadaoin seo chugainn, an 2 Márta! Seo pic nó dhó as blianta eile chun sibh a chur ag smaoineamh faoi!
Seo cuid de na buaiteoirí a bhí ann in ár gcomórtas scríobhneoireachta. Tá siad anuas curtha ar aghaidh chuig an gcomórtas náisiúnta atá eagraithe ag Cumann na Múinteoirí Éirinn.
Fáilte go Bialann RIII/RIV – tá muid ar oscailt agus réidh bia blásta a ofráil daoibh! An bhfuil an céad Gordon Ramsey nó Nigella Lawson inár measc? Féachaigí ar na biacláracha seo!! Eet smakelijk! Bon appétit! iQué aproveche!