Ba phribhléid a bhí ann dúinn fáilte a chur roimh Gardaí Síochána áitiúla a tháinig ar cuairt ag Ranganna 4 -6 an tseachtain seo. Ba chuid d”ár n-imeacht Aíonna Aibreáin a bhí ann.
Monthly Archives: April 2024
Tá an t-ádh linn i nGaelscoil Riabhach go bhfuil muid Cois Móna agus go bhfuil baile fearainn Ráth Rodaigh gar dúinn. Chuaigh Rang 3 ar cuairt Déardaoin. Rinneadh an-iarracht leis an tóraíocht taisce bithéagsúlachta agus aimsíodh beagnach gách rud. Bhí na meantáin ghorma an-chuthaileach ar an lá. Tugadh cead dúinn […]
Lá an Domhain (Earth Day) a bhí ann inné. Lá grianmhar a bhí ann freisin. Leis na painéil gréine nua ag giniúint leitreacas dúinn bhí leath an leitreacais a bhí in úsáid againn ag teacht ó fhuinneamh na gréine. Cabhraíonn sé sin leis an domhain mar go bhfuil níos lú […]
Míle buíochas le Cian Ó Bairéad a chabhraigh le Rang Naoise fataí a chur. Is gá dúinn súil a choinneáil orthu, iad a uisceadh agus a lánú amach anseo
Déanann muid dearmad uaireanta go bhfuil an oiread sin dúlra thart timpeall orainn i mBaile Locha Riach. Chaith Rang Louise an mhaidin cois locha agus chonaic muid an oiread sin.