Tá an t-ádh linn i nGaelscoil Riabhach go bhfuil muid Cois Móna agus go bhfuil baile fearainn Ráth Rodaigh gar dúinn.
Chuaigh Rang 3 ar cuairt Déardaoin. Rinneadh an-iarracht leis an tóraíocht taisce bithéagsúlachta agus aimsíodh beagnach gách rud. Bhí na meantáin ghorma an-chuthaileach ar an lá. Tugadh cead dúinn súil a chaitheamh ar an túrtheach agus thaispeán an feirmeoir uan álainn dúinn.
Tá aghaidh le feiceáil in airde ar fhothraí an chaisleáin… an bhfeiceann sibh é?



















