#láfhéilepádraig @discoverloughreachamber @st.patricksparadeloughrea @thecorrsofficial https://www.instagram.com/reel/C4npZ84qDaX/?igsh=MWprdjlobmUxOWNtbQ==
Monthly Archives: March 2024
Comhghairdeas leis na daltaí ar fad agus míle buíochas do Helen, Eilís, Graham agus Pól a chabhraigh go mór leis an ullmhúchán. Bhuaigh muid duais don iontráil is fearr ar an téama. Bhí an-chraic againn…. Mura gcuma le duine mar thusa go tréan, Níl tada chun athrú! Tada! Mo léan!
Bhí lá álainn againn Dé Céadaoin le bliotsa idir na scoileanna lán-Gaeilge in Oirthear na Gaillimhe. Thug sé deis do na buachaillí agus do na cailíní taithí a fháil ar chluichí ag tús séasúr nua. Beidh traenáil ag leanúint ar aghaidh gach Céadaoin i ndiaidh na Cásca.
Chuaigh an Coiste Glas sa tóir ar athruithe sa dúlra agus samplaí de phlandaí, ainmhithe nó eile ag fás ag an am seo.den bhliain i nGaelscoil Riabhach. Bhí an aimsir inniu ceathach agus bhí foscadh agus bia do na polaineoirí sa ghairdín. Tosaíodh ar shíolta a chur freisin… puimcíní, bachlóga […]
D’oibrigh Rang 1&2 ar chuardach fhocal a chruthú le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Bainigí triail astu!
D’éirigh thar cionn le haisteoirí Rang a 6 in Amharclann na Gaillimhe le linn na seachtaine. Bhí ardmholadh ag an moltóir dóibh agus bronnadh dhá dhuais orthu…. cruthaíocht agus ceol nua-aimseartha