Tá muid an-bhuíoch don chlub leadóige áitiúl as cead a fháil úsáid a bhaint as na cúirteanna! Is breá linn leadóg a imirt agus tá muid ag baint an-spraoi as.
Monthly Archives: September 2021
D’oibrigh muid i ngrúpaí beaga inniu chun cruthanna 3T a thógáil le leabhcháin agus spaghetti. Bhaineamar an taitneamh as foghlaim faoi conas strúchtúr a dhéanamh agus conas cinntiú go mbeadh sé láidir. Ag an deireadh d’úsáid muid an foghlaim sin chun an túr is airde gur féidir a thógáil – […]
Mar chuid den Oíche Chultúr i mbliana chuir Laureate na nÓg Áine Ní Ghlinn ceardlann ar siúl leí féin agus an maisitheoir Tarsila Kruse. D’éist linn le chuid den scéal An Boscadóir agus tharraing muid ár róbó féin. Bhaineamar an taitneamh as.
Tá Rang 6 ag socrú isteach ar ais ar scoil agus ag cur aithne ar a chéile arís. Táimid ag foghlaim faoi cé chomh tábhachtach is atá comhoibriú agus muid ag obair le chéile. Mar a deir an seanfhocal “Neart le chéile“.