Bhí rang a 2 comh tógtha le scéal an ghrianstad i mBrú na Bóinne gur rinne siad a mbrú féin leis an gainnimh sa chlós! Chas siad é i dtreo breacadh an lae fiú 🙂 Obair den scoth a pháistí!
Monthly Archives: December 2020
Tá Gaelscoil Riabhach ag tosú ag ceiliúradh 20 Bliain na Scoile. Bhí searmanas beag againn ar maidin le heirí na gréine. Nocht Catherine Connolly T.D., Leas-Cheann Chomhairle Dháil Éireann scáthlán os comhair doras na scoile. Rinne tuismitheoirí na scoile an ócáid a cheiliúradh lena carranna maisithe agus adharcanna á séidiú […]
Mar go bhfuil an oiread á bhfoghlaim ag na daltaí faoin ngrianstad shocraigh grúpa ó Rang a 2 samhail de Shí an Bhrú (ó Bhrú na Bóinne) sa ghaineamh ar an gclós!
Léigh rang a haon Charlie and the Chocolate Factory. Is breá linn na carachtair agus mar sin, scríobhamar litrithe chuig na carachtair is fearr linn: Veruka Salt, Grandpa Joe, Charlie (ar ndóigh) agus Violet Beauregarde. Táimid an-bhródúil as ár gcuid scríbhneoireachta atá ag feabhsú go mór: […]
D’fhoghlaim rang a haon faoi bhundathanna agus faoi dhathanna tánaisteacha. Is breá linn ag bheith ag meascadh bundathanna chun dathanna tánaisteacha a chruthú. Táimid ag feabhsú go mór!: Chruthaíomar saothair ealaíne le spreagadh ón ealaíontóir Piet Mondrian. D’úsaideamar bundathanna amháin chun iad seo a chruthú. Tá cruthanna le feiceáil inár […]
Chruthaigh rang a haon saothair ealaíne don gheimhreadh/don Nollaig. Chruthaíomar soilse Nollag agus stoca Nollag. Tá sneachta ag titim ar na stocaí!: Freisin, chruthaíomar ár maisiúcháin Nollag féin. Phéinteálamar iad muid féin agus tá siad le feiceáil ar na crainn Nollag sa bhaile anois!