Léigh rang a haon Charlie and the Chocolate Factory. Is breá linn na carachtair agus mar sin, scríobhamar litrithe chuig na carachtair is fearr linn: Veruka Salt, Grandpa Joe, Charlie (ar ndóigh) agus Violet Beauregarde. Táimid an-bhródúil as ár gcuid scríbhneoireachta atá ag feabhsú go mór:
Ansin chruthaíomar clúdach litreach sa stíl origami. Mar sin, ní raibh gliú ná siosúr ag teastáil. Bhíomar an-mhaith ag leanúint na céimeanna chun iad a chruthú:
Scríobhamar ainm an characthair ar an gclúdach litreach:
Ansin, tháinig bosca an phoist speisialta de chuid Willy Wonka isteach sa seomra ranga faoi dhraíocht! Chuireamar na litreacha isteach sa bhosca. Meastú cad a tharlóidh anois?:































